background image
13
Anois Na Rosa agus Gaoth Dobhair. Áit í seo a bhfuil tírdhreach
fhíorálainn, sléibhte fraoch-chorcar, gleannta lán locha agus na
scórtha tránna gainnimhe ar feadh an chósta. Líonann agus tránn
taoide neamhthruaillithe an Aigéin Atlantaigh gach lá ar ghainneamh
na dtránna síochánta, ciúine seo. Le breis is 130 loch agus an iliomad
aibhneacha chun iascaireachta, is anseo a thiocfaidh an slatiascaire
ar bhreac mara agus bradán nach bhfuil a sárú le fáil. Ón gClochán
Liath agus a féile bliantúil i gcuimhne "Mary from Dungloe" go dtí
droichead Chroithlí na mBábóg, is áit ar leith an áit seo. Ar ais ar
bhóthar an chósta agus an bád farantóireachta go hÁrainn Mhór ó
Ailt a' Chorráin, nó gabh siar ó thuaidh go Gaoth Dobhair idir an
Earagail agus an Bun Beag mar a bhfuil tránna áille.
Ar ndóigh, seo baile dúchais cuid de scothcheoltóirí na hÉireann ar
nós Enya, Clannad, Altan agus Daniel O'Donnell agus níl aon amhras
ach go dtagann a gcuid ceoil uile faoi thionchar oidhreachta,
radharcra agus cultúir draíochta Dhún na nGall. Stop más maith leat i
gCroithlí chun togha bídh agus rogha dí a bhlaiseadh i dTábhairne
Leo, an teach inar tógadh an t-amhránaí cáiliúil Enya agus an grúpa
Clannad. Muna dtaitníonn ceol Gaelach leat ní gá duit ach turas
gairid a chur díot go sroichfidh tú Cionn Caslach áit a bhféadfaidh tú
cupán tae a ghlacadh ar do shuaimhneas in Óstán an Viking, ar a
raibh Daniel O'Donnell mar iar úinéir.
n a r o s a , g a o t h d o b h a i r a g u s c l o c h
c h e a n n f h a o l a ... á i t a r l e i t h
na nGall ar an saol...