nó go ndreapfaí ceann éigin de shléibhte breátha an cheantair. De ghnáth ní bhíonn mórán daoine ag an am ar na bealaigh, agus is pléisiúr é má bhuaileann tú le lucht siúlóide eile ar do bhealach agus seanchas a dhéanamh leo. Tá furmhór na mbealaigh leagtha amach ar shlí nach gá do dhuine a bheith ró-aclaí ar fad len iad a dhreapadh. Ach mar sin féin, sníonn siad tríd radharcra iontach sléibhe, gleannta agus mámanna breátha. Sé atá i gceist le Bealach na Gaeltachta ná grúpa de bhealaigh siúil atá forbartha go caighdeán náisiúnta na mbealaigh siúil. Ceithre bhealach cuarda atá sa bhealach fada siúil, agus trí cinn acu seo á nascadh lena chéile. Tá gach bealach idir 50-70km ar fhaid agus gabhann siad tríd sléibhte, aibhneacha, cois farraige agus tré choillte. Is bóithríní agus cosáin is mó atá i gceist i Slí an Earagail agus Slí na Rosann. Trasnaíonn codanna de Shlí na Finne agus de Shlí Cholm Cille talamh ard phortaigh gan chosáin, ach tá sár- radharcra tírdhreacha agus mara le feiscint uatha. Níl sárú na radharc le fáil agus deis iontach é seo do lucht siúil sainiúlacht na Gaeilge agus an chultúir sa cheantar a bhlaiseadh. |