Sliabh cónach grianchloichít is ea an tEaragail atá 2466tr/751m troigh ar airde agus is é an sliabh is airde i nDún na nGall é. Is gnách go nglacann sé ceithre huaire go leith leis an Earagail a dhreapadh, ach braitheann fad an turais anuas arís ar do chumas le siúl ar charraigreacha achrannacha scaoilte. Is féidir teacht ar na haillte atá, deirtear, ar na haillte farraige is airde san Eoraip (airde 756 troigh) ó na sráidbhailte beaga sa Charraig agus i dTeileann. Tá dreach na haille, atá thart ar 3km ar fhairsinge, snoite ag an bhFarraige Mhór i mórán cruthanna agus dathanna spéisiúla. Áit iontach, aoibhinn í Bun Glas ónar féidir féachaint ar na haillte farraige agus má tá taithí siúlóideachta agat, d'fhéadfá lá a chaitheamh ag siúl ó Bhun Glas, tríd "Cosán an aon fhir" a chuirfidh idir iontas is alltacht ort go Málainn Bheag in aice le Gleann Cholm Cille. Suite ar an dtaobh thoir de Shlí Uladh, bíonn tarraingt ag cuairteoirí ar Ghleann Bheithe chun go bhfeicfidis an caisleán rómánsúil, a thóg George Adair sa mbliain 1857, a gháirdíní áille agus an dúlra álainn fiántais mórthimpeall ar Loch Bheithe. Tá go leor gearr-bhealaigh dúlra maraon le siúlóidí níos faide, agus go leor comharthaí á léiriú, mórthimpeall na páirce. Teagmháil: Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe Teil: 074 9137088 |