Tá Toraigh 10 míle amach ón mórthír. Níl aon cheist ach gur chabhraigh a iargúltacht leis an nGaeilge, na traidisiúin, an ceol, na rincí agus gnáis na beatha a choinneáil beo ann. Tá scoil dúchais péintéireachta ar an oileán seo. Is mór an buntáiste d'fhaireoirí éan é suíomh agus tíreolaíocht an oileáin seo amach ó chósta an Iar Thuaiscirt. Is ann a mhaireann mórán cineálacha éan mara. Tá óstán, brú agus roinnt mhaith tithe Leaba agus Bricfeasta ar an oileán. Tá Dánlann, Siopa Ceirdne agus Taesheomra, Ionad Tumadóireachta, siopa agus club soisialta ann. Tá pléisiúir na sean-aimsire ach compóirdí an lae inniu ar fáil duit i dToraigh. Is féidir dul amach ar an oileán ar bhád ón mBun Beag nó ó Mhachaire Rabhartaigh. Teagmháil: Donegal Coastal Cruises Teil: 074 9531320/9531340 Facs 074 9531665 Tá daonra de 600 duine ar Árainn Mhór thart ar 4km amach ón mórthír. Turas 20 nóiméad atá ann. Tá aillte áille agus tránna breátha anseo. Tá tábhairní ann le scíth a ligean. Tá seirbhís bád ann ó cheann ceann na bliana agus i dtréimhse na turasóireachta déantar an turas gach uair an chloig. Tá mórán le déanamh ag an turasóir anseo siúlóidí, iascach, turais bhád agus siamsaíocht oíche. Teagmháil: Arranmore Ferry Teil: 074 9520532 Facs: 074 9520750 |