Chonaill agus déan Leithinis Ros Goill a thaiscéaladh duit féin. Ón leithinis seo, a ghobann amach san Atlantach idir Chuan na gCaorach agus Cuan na Maoile Rua feicfidh tú cuid de na radharcanna is iontaí agus is áille dá bhfuil in Éirinn. Ní chreidfidh tú é go bhfeicfidh tú é... tiomáin leat ar rian álainn an Atlantaigh agus féach duit féin na haillte uaibhreacha, radharcanna mara, tránna agus cinn tíre nach bhfuil a leithéidí le fáil... is cinnte nach mbeidh díomá ort. Bíodh sos agat tamall beag sna Dúnaibh mar is féidir cluiche gailf a bheith agat ar ghalfchúrsa 18 bpoll i Ros na Binne. Anseo a léireoidh báid iascaigh, tránna órdha, agus Bréidín Dhún na nGall go fíor dhuit saibhreas agus fiúntas Ghaeltacht Thír Chonaill. Is áit aoibhinn í trá chuasach shráidbhaile na nDúnaibh inar féidir leat do shuaimhneas a ghlacadh agus tá an Brat Gorm buaite aici ar ghlaineacht agus ar shábháilteacht. Cuir fút i gceann de thithe lóistín an tsráidbhaile agus as seo aimsigh duit féin gnéithe iontais na leithinise - na dumhacha réamhstaire gainnimhe idir na Dúnaibh agus Carraig Airt, Caisleán Mhuintir Shuibhne na dTuath, nó tabhair cuairt ar shráidbhaile síochánta gleoite Charraig Airt . Trá Fhanaide áit a ndéanfaidh tú iontas de áilleacht bhóthair an chósta i gCnoc Aille ar Loch Súilí. Glac chugat cultúr agus stair ársa na leithinise áille seo. |