Tá Ionad Cois Locha ar bhruach na locha i nDún Lúiche faoi scáth Ghleann Neimhe, agus an Earagail, an sliabh is airde sa Chontae. Cuireann an t-ionad scéal an fhíodóra mórchliú Mánus Ó Fearraigh inár láthair. Tá a theach athógtha anseo d'fhonn léargas cruinn a thabhairt ar an saol i nDún na nGall i lár na haoise seo caite. Ar na háiseanna atá anseo tá taispeántais fhíodóireachta, loch tacair le curachaí agus céaslaí, láthair shúgartha faoi dhíon, siúlóidí cois locha, aistir phónaí, agus taispeántais chardála, agus shnímh. Cuirtear turais faoi stiúir ar an teach agus ar an bhfeirm ar siúl. Tá láthair eachtraíochta súgartha ann chomh maith le seomra tae, proinnteach agus siopa ceirdne.Bíonn seisiúin cheoil traidisiúnta ann gach Máirt i rith Iúil agus Lúnasa. Teagmháil: Ionad Cois Locha Teil: 074 9531699 Facs: 074 9531968 Tá Óstán agus Ionad Oidhreachta na Cúirte suite ar an láthair chéanna inar chéad thóg George Hill an tÓstán seo i lár na 19ú aoise, agus é ar na dúichí is áille dá bhfuil in Éirinn. Tugann an tIonad Oidhreachta deis don chuairteoir léargas a fháil ar an saol a bhí ann i nGaoth Dobhair le linn na 1800aí le cabhair dealbha inchreidte agus taispeántaisí closamhairc eadarghníomhacha. Teagmháil: An Chúirt Teil: 074 9532900 Facs: 074 9532929 Idirlíon: www.anchuirt-hotel.ie |